Fáilte go suíomh gréasáin Aistriúcháin Aurora. Sna leathanaigh seo cuirtear in iúl fonn mór in oilteacht agus i ndúil san obair le tairbhe úsáideach agus éifeachtach a chur amach i réimsí an AISTRIÚCHÁIN, na CUMARSÁIDE ÉICEOLAÍCHE/NLP agus na CRUTHAITHEACHTA.
AISTRIÚCHÁN Dia duit, is mise Silvia agus tá mé ag obair sa réimse seo, in éineacht le cairde áirithe, le tamall fada anuas, agus muid ag aistriú go agus óna lán teangacha éagsúla. Is maith linn bheith ag obair go cúramach, ag tabhairt aire do mhionphointí, ag caitheamh an ama is cóir agus ag baint úsáid as na foinsí is cuí le haghaidh gach aon obair. Bíonn muid tráthúil ag seachadadh na n-aistriúchán, agus bíonn aghaidh i gcónaí againn ar an cháilíocht. Is é dúil sna teangacha sainchomhartha ár saoil, agus dar linne is é an rud a bhíonn i dtéacs i dtosach báire – cé acu litríocht, margaíocht, nó cibé ábhar eile atá i gceist – ná seoid le cumhdach agus le nochtadh. Tá teachtaireacht riachtanach ann i ngach aon téacs, agus caithfear ise a thuiscint agus a léiriú go grinn, agus meas agat ar a cuid saintréithe go léir, mar sin is féidir cumarsáid an bhunleagain a chaomhnú agus gan fealladh uirthi. Meas ar an téacs, ar a chiall, agus ar a chuid tréithe, sin an riail óir agus an tosaíocht atá againne. Mar sin, agus muid ag obair ar thionscadal nua éigin, ní hamháin go mbíonn muid ag “aistriú”, ach “staidéar” á dhéanamh againn fosta, agus muid ag baint úsáid as foinsí éagsúla, leis na mionphointí siúd a thuiscint a dhéanann aistriúchán grinn beacht go fírinneach. Má tá eolas breise de dhíth ort maidir leis na teangacha atá ar fáil, nó más maith leat meastachán saor in aisce, déan teagmháil le:
CUMARSÁID, NLP AGUS CRUTHAITHEACHT Tá dúil ag Aistriúcháin Aurora i ngach aon teanga agus sna teachtaireachtaí iomadúla a thairgeann an domhan mór do lucht a chónaithe, ón chaint go dtí na teachaireachtaí a thig orainn trí na cúig céadfaí (cumarsáid neamhbhriathartha agus pharabhriathartha). I measc a cuid gníomhaíochtaí, cuireann Aurora chun cinn gníomhaíochtaí imeartha agus teagaisc a bhfuil de chuspóir acu smaointe na cumarsáide éiceolaíche agus NLP daonnachaíche a chur ar fáil do líon níos fairsinge úsáideoirí. Is é an rud atá i gceist ná smaointe simplí ar féidir iad a úsáid le feabhsú a chur ar ár gcur chuige agus ar an chumarsáid eadrainn féin agus na daoine mórthimpeall orainn (agus uaireanta linn féin fiú amháin). |
Irlandese |
Aurora traduzioni |